Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach

Bailiúchán Leabhar uathúil, Lámhscríbhinní agus Ceangal Breá

Chuir Benjamin Guinness (1937-1992), 3ú hIarla Uíbh Eachach, Leabharlann Benjamin Uíbh Eachach le chéile. Ba bhailitheoir mór géarchúiseach leabhar uathúil, lámhscríbhinní agus ceangal breá é.

Tá an bailiúchán comhdhéanta de níos mó ná 5,000 mír. Cuimsítear ann a lán leabhar Éireannach agus lámhscríbhinní Éireannacha atá luachmhar mar airnéisí bailitheora. I measc na lámhscríbhinní stairiúla sa bhailiúchán tá cur síos ar Éirinn le Gerald na Breataine Bige a scríobhadh sa bhliain 1280, priméar Gaeilge a ullmhaíodh don Bhanríon Eilís I, chomh maith le bunábhar uathúil a bhaineann le Dónall Ó Conaill, Ruairí Mac Easmainn, Lennox Robinson agus Sean O’Casey.

I measc na leabhar clóite agus na bpaimfléad tá a lán inphriontaí Éireannacha luatha agus a lán tréimhseachán uathúil. Tá saothar gach duine de na mórscríbhneoirí Éireannacha le fáil sa bhailiúchán, lena n-áirítear saothar James Joyce, Seamus Heaney, Samuel Beckett agus Jonathan Swift. Chomh maith leis sin, tá a lán téacsanna suntasacha ar áireamh ann, lena n-áirítear na chéad eagráin de ‘Ulysses’ agus de ‘Gulliver’s Travels’.

Neart ar leith de chuid an bhailiúcháin is ea ceangail Éireannacha bhreá. Is sa leabharlann atá roinnt de na samplaí is fearr de cheangail leabhair Éireannacha mhaisiúla ón 18ú haois, ón 19ú haois agus ón 20ú haois.

Is le Leabharlann Marsh an bailiúchán. Bainistíonn Oifig na nOibreacha Poiblí í, agus fostaíonn an Oifig leabharlannaí chun na sealúchais a choimeád agus a bhainistiú. Bhronn muintir Guinness an bailiúchán ar Leabharlann Marsh sa bhliain 2009.

Cliceáil anseo le haghaidh mionsonraí faoi conas is féidir an bailiúchán a rochtain.