Inrochtaineacht

Cuireann Teach agus Eastát Farmleigh fáilte roimh gach cuairteoir. Táimid tiomanta d’Eastát Farmleigh a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir agus féachaimid le lá amach taitneamhach a sholáthar do gach duine.

Tairgeann Oifig na nOibreacha Poiblí cead isteach saor in aisce i dTeach Farmleigh do dhaoine a bhfuil míchumas orthu agus dá gcúramóirí. Is féidir na ticéid dea-mhéine sin do chuairteoirí agus cúramóirí a fháil ag deasc fáiltithe Theach na nGluaisteán sa chlós ar lá do chuairte. Is féidir iad a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh linn roimh ré freisin.

Tá bunurlár Theach Farmleigh lán-inrochtana d’úsáideoirí cathaoir rothaí. Déanfaidh an treoraí de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí thú a thionlacan chuig an mbealach isteach atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí roimh do chuairt agus chuig an mbealach amach atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí tar éis do chuairte.

Madraí Treorach

Cuirtear fáilte roimh gach madra treorach, cuidithe nó seirbhíse aitheanta – lena n-áirítear madraí cuidithe atá faoi oiliúint – ag Eastát Farmleigh, agus ceadaítear dóibh a n-úinéir a thionlacan le linn turais ar an teach.

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann

Déan teagmháil linn roimh ré más rud é go dteastóidh ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann uait le linn do thurais.

Leithris

Tá leithris do chuairteoirí suite sa chlós, lena n-áirítear leithreas atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí. Tá leithreas atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí suite ag Caifé an Tí Bád freisin.

Caifé an Tí Bád

Tá an caifé seo suite ar leibhéal na talún agus tá sé inrochtana ag cathaoireacha rothaí. Tá leithreas atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí suite ann.

Gailearaithe

Tá cead isteach saor in aisce ann do na taispeántais uile i nGailearaí Farmleigh. Tá an Gailearaí suite ar leibhéal na talún, agus rochtain iomlán ann do dhaoine faoi mhíchumas. Agus í suite ar an aon leibhéal amháin ar an taobh istigh, is féidir Amharclann an Bhóithigh a rochtain trí rampa nó trí chéimeanna.

Gairdíní

Tá roinnt dromchlaí éagsúla ann ar na cosáin ar Eastát Farmleigh. Mar gheall ar thír-raon nádúrtha na dtailte, tá céimeanna/fánaí ann ar cheann amháin nó dhó de na cosáin, agus is féidir go mbeidh siad sciorrach in aimsir fhliuch. Is trí chéimeanna a fhaightear rochtain ar na hardáin sa ghairdín suncáilte. Dá bhrí sin, níl siad oiriúnach d’úsáideoirí cathaoir rothaí.

Margaí

Tá na margaí ar Eastát Farmleigh suite lasmuigh, agus iad le fáil sa charrchlós foirne atá taobh thiar de na gailearaithe.

Páirceáil do Dhaoine faoi Mhíchumas

Tá naoi spás páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ann i gcarrchlós Eastát Farmleigh. Tá siad sin ar fáil ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Tá páirceáil saor in aisce ar fáil do gach cuairteoir.

 

Bogadh idir an carrchlós agus Eastát Farmleigh 

Tógann sé cúig nóiméad chun siúl ón bpríomh-charrchlós do chuairteoirí chuig Eastát Farmleigh.

Comharthaí 

Tá litreacha Braille ann ar na comharthaí ar fud Eastát Farmleigh, agus léarscáil mhórscála den eastát ar roinnt díobh.

léarscáil

Treoir Shóisialta

Lenár dtreoir shóisialta maidir le hEastát Farmleigh, cabhrófar le cuairteoirí céaduaire, le teaghlaigh agus le daoine a bhfuil míchumas forbartha nó foghlama orthu ullmhú dá gcuairt ar Theach agus Eastát Farmleigh.

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) maidir le cuairt a thabhairt ar Eastát Farmleigh.

Déan teagmháil linn

Déan teagmháil linn trí ghlao a chur ar 01 8155914 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig farmleighguides@opw.ie má tá tú ag iarraidh tuilleadh faisnéise a fháil chun ullmhú do do chuairt nó más féidir linn cúnamh a thabhairt ar aon bhealach.

Ramp entrance to Farmleigh House