Bailiúchán

Roinnt de na Saothair is Suntasaí in Eastát Farmleigh

Léiriú uathúil ar a bhuaic, mar a bhí an Ré Éadbhardach, is ea Eastát Farmleigh.

Ba le linn na ré sin a tháinig an lucht tionscail in ionad úinéirí talún mar na daoine a bhí ag tógáil tithe móra in Éirinn. Ba bhailitheoir mór ealaíne é Edward Cecil Guinness, 1ú Iarla Uíbh Eachach agus mac garpháiste le Arthur Guinness. Is féidir an-chuid de na saothair ealaíne agus na rothaí tí a bhailigh sé le haghaidh Eastát Farmleigh a fheiceáil sa teach fós, agus iad ar iasacht ó mhuintir Guinness don stát. Bhíodh dúspéis aige i dteicstílí freisin. Dearadh an taobh istigh den Seomra Bia chun freastal ar cheithre phainéal bhróidnithe seachtú haois déag, a tháinig ar dtús ó bhailiúchán Bhanríon Maria Cristina na Spáinne (1806-1878).

Is ar taispeáint in Eastát Farmleigh freisin atá roinnt saothar ón Dánlann Náisiúnta agus ón Hugh Lane, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir dealbha a fheiceáil ar fud thailte Eastát Farmleigh. Áirítear leo sin saothar le Tony Cragg, ar ealaíontóir é a bhuaigh Duais Turner, agus coimisiún speisialta le Brian King chun aontachas deich mballstát nua isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 2004 a chomóradh. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Dealbha Eastát Farmleigh.

Athnuadh Eastát Farmleigh de bharr an dearaidh chomhaimseartha agus an tsaothair ealaíne chomhaimseartha atá tugtha isteach ag Oifig na nOibreacha Poiblí, agus comhthimpeallacht stairiúil agus chultúrtha an eastáit á cothabháil ag an am céanna.

Portráid de Erskine Childers, Uachtarán na hÉireann, le Derek Hill, 1974. Ard-Mhúsaem na hÉireann. Olaphictiúr ar chanbhás

Portráid de Erskine Childers le Derek Hill (1916-2000).
Oil on canvas; OPW State Art Collection.

Olaphictiúr ar chanbhás; Bailiúchán Ealaíne Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí.

Rugadh Arthur Derek Hill in Southampton sa bhliain 1916. Ba é Teach Gléibe i nDún na nGall príomháit chónaithe an Uas. Hill ón mbliain 1954 go dtí an bhliain 1981, cé go mbíodh sé ag taisteal go fairsing le linn na mblianta sin. Sa bhliain 1958, thug Derek Hill cuairt ar Thoraigh den chéad uair riamh agus bhí sé an-tógtha leis an radharcra éadrom creagach. D’fhaigheadh sé bothán ar cíos ansin agus chaitheadh sé a lán seachtainí ansin ag péinteáil gach samhradh. Mar thoradh ar an eiseamláir agus an spreagadh a thug sé, forbraíodh scoil iomlán péintéireachta saonta, mar a bhí Péintéirí Thoraí. I measc a phortráidí tá portráidí de Yehudi Menuhin, Arthur Rubenstein, Erskine Childers, Garrett Fitzgerald, Tony O’Reilly, an Prionsa Séarlas, an Tiarna Mountbatten, agus Laurens van der Post. Léigh tuilleadh faisnéise faoi Derek Hill ar shuíomh Gréasáin Ghailearaí Gléibe.

Portráid de Edward Cecil Guinness, 1ú Iarla Uíbh Eachach, le William Orpen (1878-1931)
Olaphictiúr ar chanbhás; Bailiúchán Mhuintir Guinness. Anuas ar a bheith ar dhuine de na péintéirí portráide ba rathúla sa Bhreatain Mhór le linn na ré Éadbhardaí, bhíodh William Orpen i measc na n-ealaíontóirí cogaidh ba mhó cáil sa Bhreatain Mhór le linn an Chogaidh Mhóir. Sa phortráid leathfhaid seo, léirítear Tiarna Uíbh Eachach agus é dhá bhliain is seasca d’aois agus cóta dorcha, bástchóta bán agus carbhat stoic air. Shuigh sé don phortráid seo i dTeach Farmleigh agus i Londain.

‘The Stag at Bay’ leis an Ridire Edwin Landseer, 1846

‘The Stag at Bay’ leis an Ridire Edwin Landseer (1802-73)
Olaphictiúr ar chanbhás; Bailiúchán Mhuintir Guinness. Ba é an tUas. Landseer duine de na healaíontóirí ainmhithe ba mhó cáil de chuid a linne. Ba mhinic a chuireadh sé tréithe antrapamorfacha lena ábhair. Leagtar béim ina phictiúir de charrianna ar a dtréithe osnádúrtha laochúla. Bhí an Bhanríon Victoria i measc a phátrún agus, sa lá atá inniu ann fós, tá an Bailiúchán Ríoga Briotanach ar cheann de na stórtha is mó de shaothar an Uas. Landseer.

Suiteán de Phrionsa na Breataine Bige mar Ridire d’Ord Naomh Pádraig in Ardeaglais Naomh Pádraig sa bhliain 1868 le Michael Angelo Hayes (1820-77)
Olaphictiúr ar chanbhás; Bailiúchán Mhuintir Guinness. Rugadh Michael Angelo Hayes i bPort Láirge agus ba mhac le Edward Hayes, péintéir, é. Léiríodh capaill agus ábhair mhíleata i bhformhór a phictiúr. Sa saothar seo, léirítear daoine de na daoine ba cháiliúla de shochaí na linne. Ina measc sin tá baill de chlann Guinness agus tuismitheoirí Oscar Wilde. Chuir an tUas. Hayes é féin isteach sa phictiúr freisin, agus a chúl don bhreathnóir ar an taobh deas den phictiúr.

László, Mrs Philip de, née Lucy Madeleine Guinness 11474 Roy Fox Fine Art Photography © de Laszlo Foundation

Portráid de Lucy de László Uas. le Philip de László (1869-1937)
Olaphictiúr ar chanbhás; an Hugh Lane, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath. Rugadh Philip de László san Ungáir agus bhíodh sé i measc na bpéintéirí portráide ba mhó cáil agus ba rathúla de chuid a linne. I measc an scata daoine a shuigh dó bhí baill de chlanna ríoga Eorpacha, uaslathaithe agus pearsana sochaí, chomh maith le baill dá chlann féin. Sa bhliain 1900, phós an tUas. de László Lucy Guinness, bean ar bhuail sé léi in München sa bhliain 1892. Ba ghariníon í le Robert Rundell Guinness, comhbhunaitheoir bhanc Guinness Mahon.

‘Seamus Heaney’ le Carolyn Mulholland (1944-)
Dealbh bhrád phortráide chré-umha; Bailiúchán Ealaíne Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí. Rugadh Carolyn Mulholland sa Lorgain, Co. Ard Mhacha, agus rinne sí staidéar i gColáiste Ealaíne Bhéal Feirste. Chuir sí mórchoimisiúin dealbhóireachta i gcrích d’fhorais ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann. Tá an phortráid a rinne sí sa bhliain 1996 den Ridire Alfred Chester Beatty ar taispeáint i Leabharlann Chester Beatty, agus cuireadh a portráid den Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa ar son Oifig na nOibreacha Poiblí i gcrích sa bhliain 2003. Nochtadh an dealbh bhrád phortráide de Seamus Heaney den chéad uair sa bhliain 2016 i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath, chun caoga bliain ó foilsíodh an chéad bhailiúchán ceannródaíoch uaidh, dar teideal Death of a Naturalist, a chomóradh.

‘The Tailor’ le Séamus Murphy (1907-1975)
Cré-umha; Bailiúchán Ealaíne Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí

Rugadh Séamus Murphy i gCorcaigh agus ba phearsa thábhachtach é in ealaín Éireannach an fhichiú haois. Dealbhóir traidisiúnta ba ea an tUas. Murphy. Is fearr aithne air as a dhealbha aolchloiche eaglasta agus as a chinn phortráide. Táilliúir agus scéalaí ó Ghuagán Barra, Co. Chorcaí, ba ea Tadhg Ó Buachalla.