Eolas Fúinn

Scéal Theach Farmleigh

Gan a bheith ach ina theach Seoirseach beag nuair a tógadh ar dtús é ag deireadh an ochtú haois déag…

… cheannaigh Edward Cecil Guinness (1847-1927) Teach Farmleigh tráth a phós sé Adelaide Guinness, col ceathrar leis, sa bhliain 1873. Ba mhac garpháiste le Arthur Guinness, bunaitheoir na grúdlainne eapainmní, é Edward Cecil, a tháinig chun bheith ar chéad Iarla Uíbh Eachach sa bhliain 1919. Tugadh faoin gcéad mhórchlár tógála sa tréimhse 1881-84 de réir dhearaí James Franklin Fuller (1832-1925), ailtire Éireannach, a shín an teach níos faide siar, a d’athchóirigh an teach a bhí ann cheana, agus a chuir tríú stór leis an teach. Cuireadh sciathán an Bhálseomra leis an teach sa bhliain 1896, rud ar dhear William Young (1843-1900), ailtire Albanach, é.

Tar éis Grianán nua a chur isteach in aice leis an mBálseomra sa bhliain 1901 agus tar éis tuilleadh plandaí leathanduilleacha agus andúchasacha a chur sna gairdíní, ba ag Teach Farmleigh, faoi na luathbhlianta den fhichiú haois, a bhí na nithe uile a bhí de dhíth le haghaidh maireachtáil mhaorga agus siamsaíocht stíliúil. Is le heicléicteachas an mhaisiúcháin intí a bhaineann mórdhraíocht an Tí, agus stíleanna de chineál clasaiceach, Seacaibíneach, Louis XV, Louis XVI agus Seoirseach le fáil ann.

Cheannaigh Rialtas na hÉireann Eastát Farmleigh ó mhuintir Guinness sa bhliain 1999 ar chostas €29.2m. D’athchóirigh Oifig na nOibreacha Poiblí an teach go cúramach mar phríomhlóistín do dhaoine mór le rá atá ar cuairt agus d’aíonna de chuid na tíre, do chruinnithe ardleibhéil den Rialtas agus do thaitneamh an phobail.

 

Some Historic Maps of Farmleigh Estate

Click to view in larger format.