Muintir Guinness ag Eastát Farmleigh

Ó Ghrúdairí go Bailitheoirí

Cheannaigh Edward Cecil Guinness (1ú Iarla Uíbh Eachach), mac garpháiste le Arthur Guinness, bunaitheoir ghrúdlann Guinness, Eastát Farmleigh sa bhliain 1873.

Ba é 80 Faiche Stiabhna (Teach Uíbh Eachach, ceanncheathrú na Roinne Gnóthaí Eachtracha, anois) príomháit chónaithe Edward ag an am. D’amharcadh sé ar Eastát Farmleigh mar ‘thearmann tuathúil’. Sa bhliain 1886, chuir Edward Cecil Guinness an ghrúdlann ar an Stocmhalartán, rud a mhéadaigh a shaibhreas agus a stádas sóisialta, mar a léiríodh in atógáil fhorleathan Theach Farmleigh. D’ainneoin na hoibre sin, níor chaitheadh Edward agus Adelaide, a bhean chéile, ach pas beag ama ansin. Ba i Londain a bhíodh a bpríomháit chónaithe. Nuair a bhíodh siad i mBaile Átha Cliath, áfach, d’fhanadh siad ag 80 Faiche Stiabhna an chuid is mó den am. Ní fhanadh an chlann i dTeach Farmleigh ach amháin ar feadh tréimhsí gairide cúpla seachtain, le linn mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh den chuid ba mhó.

 

Tar éis bhás Edward Cecil sa bhliain 1927, rinneadh dara hIarla Uíbh Eachach de Rupert, a mhac ba shine. Fágadh Eastát Farmleigh agus 80 Faiche Stiabhna le huacht ag Rupert. Thíolaic sé an foirgneamh deireanach sin do Stát na hÉireann sa bhliain 1939. Bhí Rupert ina Theachta Parlaiminte Briotanach do Southend ag an am sin, agus scoir sé de bheith ina Theachta Parlaiminte tráth a tugadh iarlacht a athar ar a sheilbh. Bhuaigh Gwendolen Guinness, a bhean chéile agus Cuntaois Uíbh Eachach, fothoghchán Southend i mí na Samhna 1927 chun teacht in áit a fir céile mar Theachta Parlaiminte. D’fhóin sí sa ról sin go dtí go ndeachaigh sí ar scor sa bhliain 1935.

 

Thug Rupert Eastát Farmleigh do Benjamin, a gharmhac agus a oidhre (maraíodh Arthur, an mac ba shine a bhí ag Rupert agus athair Benjamin, sa Dara Cogadh Domhanda). Tháinig Teach Farmleigh chun bheith ina theach teaghlaigh do Benjamin (3ú hIarla Uíbh Eachach) agus Miranda Guinness, agus dá gclann. Tháinig Benjamin chun bheith ina leabharbhách díograiseach agus thosaigh sé ag bailiú leabhair uathúla, ceangail pharlaiminteacha agus luatha agus na chéad eagrán de shaothair filí agus drámadóirí nua-aimseartha. Tá an leabharlann i dTeach Farmleigh tiomnaithe do Benjamin Uíbh Eachach agus dá bhailiúchán iontach leabhar anois.

Fuair Benjamin bás i Londain sa bhliain 1993 agus dhíol Arthur Guinness (4ú hIarla Uíbh Eachach) Eastát Farmleigh le Stát na hÉireann sa bhliain 1999.