Bíonn Eastát agus Gairdíní Farmleigh ar oscailt gach lá ar fud na bliana.
Tá sé saor in aisce siúl thart ar an bhfearann páirce agus é a iniúchadh. Cé go bhfuil fáilte roimh mhadraí, ní mór iad a choinneáil ar éill. Cliceáil anseo chun amharc ar na huaireanta oscailte.
An Túr Cloig
Tá an Túr Cloig ina léiriú ar an dúil Victeoiriach a bhí ann i ngnéithe aeistéitiúla agus gnéithe praiticiúla a mheascadh lena chéile. Is sainchomhartha tíre cáiliúil é, mar atá taifeadta i rann áitiúil: “Mister Guinness has a clock, And on its top a weathercock, To show the people Castleknock”. Agus é thart ar 37 m ar airde, tá an Túr Cloig le feiceáil go héasca os comhair chrainn fhásta an Eastáit ag gluaisteánaithe agus iad ag dul thar dhroichead dola an Naisc Thiar os cionn na Life nó ag fágáil na cathrach ar an mbóthar ar an taobh thiar den Eastát. Is álainn atá an radharc ó bhalcóin an Túir Cloig. Ar lá glan, is féidir Mullach Íde a fheiceáil ar an taobh thuaidh, is féidir Dún Laoghaire agus sléibhte Bhaile Átha Cliath a fheiceáil ar an taobh theas, agus is féidir Maigh Nuad a fheiceáil ar an taobh thiar.
Cuireadh an Túr Cloig suas sa bhliain 1880, ach ní heol ainm an ailtire. Ní cosúil gurbh é Fuller a dhear é, cé go ndearna sé athchóirithe ar an teach tráth níos déanaí. Is féidir gurbh é T.H. Wyatt, ailtire Briotanach, a dhear an Túr Cloig. Ina pháipéir phríobháideacha, thagair Edward Cecil d’fhear darbh ainm Wyatt i ndáil leis na cloigíní don Túr agus don Uas. Thomas Wyatt, ar cuireadh a ainm chun tosaigh i ndáil leis an síneadh tí. Deirtear gurbh í rannóg innealtóireachta ghrúdlann Guinness a chuir an Túr suas. Tá na ballaí 1.22 m ar tiús ar leibhéal na talún, agus iad 0.76 m ar tiús ag an mbarr. Úsáideadh aolchloch ó chairéal ar an taobh eile den Life ag Baile Phámar do phríomhchorp an Túir. Meastar gur ó oirdheisceart na tíre a tháinig an t-eibhear a úsáideadh do na cóirithe. Deirtear go gcruthaíonn an chodarsnacht idir an corp agus na cóirithe meascán comhchuí de dhath agus d’uigeacht.
Teilgeadh na cloigíní sa tréimhse 1879-80 agus tá inscríbhinn Laidineach ar gach ceann díobh. Tá na meáchain do na sraitheanna difriúla feadh an luascadáin ar crochadh ar an staighre. Tá coimeádán mór gainimh atá déanta as adhmad ann ag bun an staighre chun na meáchain a chosaint i gcás titime. Tá an clog ag rith go maith go fóill níos mó ná céad bliain ó cuireadh suas ar dtús é agus, go dtí le déanaí, chastaí de láimh gach lá é. Cé go n-ardaítear na meáchain go leictreonach anois, ní dhearnadh aon athrú ar an gclog féin.
An Fhaiche Scairdeáin
Croílár na dTailte Pléisiúir is ea an fhaiche ar chúl an tí, a ardaíonn go réidh chuig scairdeán ciorclach mór ar a bhfuil scaird uisce aonair. Faightear radharc uirthi trí fhuinneog tinteáin Sheomra Nobel, a nascann an taobh istigh den teach go hálainn leis an bhfearann maisithe lasmuigh.
Tá an scairdeán thart ar 21 m ar trastomhas. Cé gur athlíneáil Oifig na nOibreacha Poiblí báisín an scairdeáin, tá a chóras hiodrálach bunaidh ag oibriú go fóill. Tá an scairdeán suite in áit a raibh gairdín foirmiúil bláthanna suite roimhe sin. Tugann scála agus suíomh an scairdeáin le fios gur féidir go bhfuil sé bunaithe ar scairdeán Francach. Tá seans ann freisin go bhfuil sé bunaithe ar scairdeán comhchosúil ag Caisleán Cheapach Corcóige.
Timpeall an scairdeáin agus na faiche atá sárchrainn fhásta – feá atá 200 bliain d’aois, feá rua agus teilí ina measc. Ar an taobh thiar den fhaiche atá an Siúlán Tí Bainne agus Silíní, rud ar chruthaigh Gwendolen, Bantiarna Uíbh Eachach, é i lár an fhichiú haois. Téann an Siúlán sin ar aghaidh chuig an nGairdín Suncáilte.
An Gairdín Suncáilte de Chineál Dúitseach
Bhí tóir ann ar ghairdíní suncáilte i stíleanna foirmiúla éagsúla go luath san fhichiú haois. Tá gairdín suncáilte ag Teach Mhucrois i gCill Airne, rud ar dhear Wallace & Company é sa bhliain 1945, agus nochtadh sa ghairdín daingean ag Teach Fhóite a bhfuil fágtha de ghairdín suncáilte Iodálach ó go luath san fhichiú haois. Tá an ceann seo i stíl Dhúitseach na Luath-Ailtireachta Sasanaí agus cruthaíodh tamall maith tar éis na bliana 1907 é. Is dóigh gur chruthaigh Edward Cecil Guinness an gairdín suncáilte seo. Tá an dearadh cosúil ar roinnt bealaí leis an ngairdín suncáilte locháin ag Cúirt Hampton, a théann siar go ré na Luath-Ailtireachta Sasanaí bunaidh. Is féidir go mbaineann sé sin leis na naisc a bhí aige le teaghlach ríoga na Breataine.
I ndiaidh geata maisithe, tá gairdín dronuilleogach ina bhfuil trí ardán íslitheacha bríce a théann ar aghaidh go linn ubhchruthach atá suite sa lár, áit a bhfuil scairdeán marmair ar a bhfuil fíoracha puití shnoite. Athchóiríodh an scairdeán faoi threoir Oifig na nOibreacha Poiblí, agus marmar Carrara nochta ann. Tá péacóga agus bíseanna míne tordhearaidh timpeall an scairdeáin ar dhá leibhéal. I gcomhthreo le balla bríce timpeall an ghairdín, tá fál ard iúir ann a dhíríonn an tsúil ar an dá bhuaircíneach a chuireann fráma ar an radharc ar an úllord beag atá suite níos faide i gcéin.
An Gairdín Daingean
Clúdaíonn an Gairdín Daingean thart ar cheithre acra agus tá sé le fána go seoigh i dtreo an deiscirt. Tá péire breá geataí rímhaisiúla iarainn bhuailte le feiceáil ar an mbealach isteach i dtreo rian trasnánach coisithe ag a bhfuil ciumhsóga dúbailte bláthanna a bhfuil fálta arda iúir mar thaca leo. Laisteas den trasrian coisithe, tá úllord beag agus gairdín cistine. Lastuaidh den trasrian sin, tá gairdín beag rósanna agus labhandair. Tógadh an Gairdín Daingean go luath sa naoú haois déag, tráth ba le Charles Trench Eastát Farmleigh. I léarscáil Shuirbhéireacht Ordanáis na bliana 1837, léirítear go bhfuil leagan amach trasnánach ag an nGairdín Daingean, agus seacht gcearnóg agus teach gloine aige. Ní ba dhéanaí san aois sin, bhí aige raon fairsing tithe gloine ar an mballa theas le haghaidh an lín aird plandaí a bhítí ag fás ar an ngnáthbhealach Victeoiriach chun tacú le scéimeanna leabaithe mórscála agus chun torthaí agus bláthanna coimhthíocha agus duilliúr, go háirithe magairlíní agus raithneach, a tháirgeadh lena dtaispeáint ar fud na bliana sa teach.
I measc na rudaí beaga a chuir Edward Cecil Guinness leis bhí an gairdín beag Victeoiriach raithní agus an fochla in aice láimhe, agus an dá sheanfhuinneog chíme ó Ardeaglais Naomh Pádraig i mballa foircinn an ghairdín. Chuir sé roinnt tithe gloine suas freisin. Ina measc sin bhí teach gloine fíniúna iarainn theilgthe réise trí cheathrú taobh thiar den fhál ard iúir, den bhothán potaithe agus den teach garraíodóra agus an teach caidéil a tógadh sa stíl Ealaíon agus Ceardaíochta. Ina dhiaidh sin, chruthaigh Gwendolen, Bantiarna Uíbh Eachach agus bean chéile a mhic, leagan amach a bhí roinnte ina chodanna. Bhíodh an leagan amach sin san fhaisean go luath san fhichiú haois, mar aon le spéis athnuaite i bplandaí gairdín den tseanstíl agus ciumhsóga bhláthanna. Le cosán traidisiúnta nua, leagadh an bealach ón mbearna gheata iarainn bhuailte, agus an Gairdín Daingean á cheangal leis an rian coisithe leathan ar chúl an tí. Daingníodh ais nua sin an ghairdín le fálta arda iúir a bhíodh mar thaca leis na ciumhsóga dúbailte fada bláthanna a chuir sise freisin.
Chruthaigh Benjamin agus Miranda Guinness teampall cloiche mar phointe fócais den ghairdín sa bhliain 1971: tá aige sé cholún seandachta chloch Portland ag a bhfuil díon copair agus eite ghaoithe mhaisithe. Tá ag an bpríomh-thrasrian coisithe ar an dá thaobh den teampall struchtúir mhiotail ar dhear Lanning Roper iad le haghaidh rósanna dreaptha agus vistéiria atá cosúil leo sin i nGairdín Bagatelle cáiliúil i bPáras. Leagadh gairdín pábháilte rósanna amach soir ó thuaidh ón teampall, agus fál iúir mar thaca leis agus radhairc uaidh thar fhaiche i dtreo an úlloird bhig agus an ghairdín cistine. Mhol Lanning Roper go gcuirfí planda cainche, planda maoildeirge, planda catalpa agus planda magnóilia chun an bhailchríoch a chur ar rud ar ar thug sé Ceathairéad Cairilínseach ar an bhfaiche sin. Ina dhiaidh sin, chuir Bantiarna Uíbh Eachach na ciumhsóga dúbailte bláthanna, a chuimsíonn plandaí gioca, foirmiam, paeóin, astailbe agus spuirse.
An Teach Bainne
Gnó tábhachtach sa ré Victeoiriach ba ea tógáil an tí bainne. D’iompaigh faisean ní ba luaithe le haghaidh baoiseanna agus teampall faoin am sin ina theaglaim de nithe maisiúla úsáideacha. Mar chuid de gheilleagar an tí mhóir, tháinig an teach bainne chun bheith ina ghné ghairdín freisin, agus é ina fhoirgneamh beag a bhíodh lonnaithe sa chuid is mó de chásanna in aice an tí ach ar shiúl ó fhoirgnimh feirme agus ó na bolaithe a bhíonn ag gabháil leo. Phleanáil J.F. Fuller an teach bainne in Eastát Farmleigh ag an am céanna a rinneadh mór-athchóiriú ar an teach sna 1880í. Is foirgneamh é atá níos modhúla ná a lán tithe bainne eile de chuid a linne ach tá a lán nithe is díol spéise le fáil ann fós. Ba é £982 an meastachán costais a tugadh ina leith sa bhliain 1880; ba iad cloch ghearrtha agus marmar na míreanna ba chostasaí, agus iad cothrom le £269.
Tá sé neadaithe i measc na gcrann i suíomh pictiúrtha ag taobh na faiche agus is féidir é a fheiceáil go soiléir ón teach. Agus brící dearga ó Chorcaigh agus maisithe cloiche mar aghaidh air, tá ingearchló aige atá dronuilleogach, beagnach, agus tá sé stór amháin ar airde. Tá ag aghaidh an fhoirgnimh binn ar thaobh amháin, áit a bhfuil bealach dorais rinneach den stíl Ghotach ag a bhfuil múnláil húda chomhfhreagrach atá ag teacht le cruth an tsolais ghloinithe os cionn an dorais. Pas beag ar shiúl ó thaobh binne na haghaidhe, tá fuinneog chúig sholas ag a bhfuil cúig phainéal gloine daite áille sna codanna uachtaracha. Léirítear orthu radhairc thréadacha aoibhne de bha agus radharc amháin de chailín crúite bó a bhfuil a stól ina lámh aici, agus í ag fáil beannachta ó fhear, atá ag ardú a hata mar chomhartha cúirtéise di. Tá gloine dhaite ar imeall gach radhairc.
Tá na ballaí línithe le heibhear rosa perino agus tá consól marmair, ar a dtugtar drisiúr (cosúil le cuntar), ceangailte le trí cinn de na ballaí, agus gríoscán práis a bhfuil maisiúchán ceathairdhuille aige mar thaca leis. Ar chúl an ráille, tá na píobáin chórais fuaraithe a ritheann faoin gcuntar. Ghlan Oifig na nOibreacha Poiblí iad sin, ar dá bharr a nochtadh prás faoi bhun an bhrait dhuibh. Tá ag an urlár cearnóga marmair atá leagtha i bpatrún diamaint, agus cúrsa cainéil atá sé horlaí ar leithead aige. Is ann do dhá sheomra eile sa Teach Bainne, ar dóigh go mbíodh ceann amháin díobh ina sheomra scallta agus go mbíodh an ceann eile ina chúlchistin. Lean an tóir ar an teach bainne pictiúrtha ar aghaidh isteach sna blianta tosaigh den fhichiú haois, tráth a bhí forbairtí talmhaíochta mar chúis lena meath. Ní cuimhin leis na baill reatha de chlann Guinness go n-úsáidtí é mar theach bainne. Dá ainneoin sin, bíonn sé ag feabhsú an radhairc tíre ó áiteanna ar chúl an tí fós.