Teach Farmleigh

Scrollaigh Síos chun Turas Ar Líne a Thógáil
bookshelves in Farmleigh library and green leather couches

Gan a bheith ach ina theach Seoirseach beag…

… nuair a tógadh ar dtús é ag deireadh an ochtú haois déag, cheannaigh Edward Cecil Guinness Teach Farmleigh sa bhliain 1873. Tugadh faoin gcéad mhórchlár tógála sa tréimhse 1881-84 de réir dhearaí James Franklin Fuller (1832-1925), ailtire Éireannach, a shín an teach níos faide siar, a d’athchóirigh an teach a bhí ann cheana, agus a chuir tríú stór leis an teach. Cuireadh sciathán an Bhálseomra leis an teach sa bhliain 1896, rud ar dhear William Young (1843-1900), ailtire Albanach, é.

Tar éis grianán nua a chur isteach in aice leis an mBálseomra sa bhliain 1901, ba ag Teach Farmleigh, faoi na luathbhlianta den fhichiú haois, a bhí na nithe uile a bhí de dhíth le haghaidh maireachtáil mhaorga agus siamsaíocht stíliúil. Is le heicléicteachas an mhaisiúcháin intí a bhaineann mórdhraíocht an Tí, agus stíleanna de chineál clasaiceach, Seacaibíneach, Louis XV, Louis XVI agus Seoirseach le fáil ann.

An Halla Isteach

Is iad sé cholún atá déanta as marmar Chonamara, ar a bhfuil mullaí colúin agus seastáin Iónacha agus piléir bhalla atá déanta as cloch Portland, a thacaíonn leis an bpainéal báite ar shíleáil an Halla Isteach. Croílár an spáis seo is ea an simléar atá déanta as marmar snoite iontlaise, ar dóigh gur chóip a rinneadh sa naoú haois déag de shimléar bunaidh é. Is féidir go dtéann an phlaic siar go dtí an t-ochtú haois déag, áfach. Tá peidiméidí deighilteacha béaloscailte ann ar na múnlálacha os cionn na n-áiteanna dorais ar thaobh na láimhe clé agus na láimhe deise den halla. Tá na doirse déanta as mahagaine veinírithe ar thaobh an halla agus tá siad déanta as dair ar an taobh eile.

Tá móitíf chlasaiceach ann ar an Staighre ar chúl an halla freisin. Ardaíonn piléir bhalla Chorantacha ó leibhéal an chéad urláir chuig coirnis starrach láidir. Tá an Staighre déanta as mahagaine San Domingo. Tá na balastair iarainn bhuailte a rinneadh don Staighre ag teacht go díreach leo sin ar staighre Theach Uíbh Eachach, teach mór cathrach Iarlaí Uíbh Eachach roimhe sin.

 

An Seomra Bia

Téann an doras ar thaobh na láimhe clé den halla ar aghaidh chuig an Seomra Bia, ar a bhfuil painéil boiserie i stíl Louis XV. Tá roinnt snoiteán adhmaid breá ann sa seomra seo, go háirithe an simléar, a bhfuil dhá heirm bhaineanna timpeall air. I lár an tsimléir, tá clog ar a bhfuil aghaidh uafar ann. Tá fíoracha cré-umha de Bacchante suite sna cuasáin ar a bhfuil sceall ar cheachtar taobh den tinteán, agus priosanna darach ó go mall sa ré Victeoiriach faoina mbun. Ba é Charles Mellier & Co., gnólacht a bhí lonnaithe i Londain, a sholáthair an taobh istigh anseo (seachas an tsíleáil, rud ar dhear J.F. Fuller, ailtire, é).

Dearadh an seomra chun ceithre phainéal bhróidnithe ó go mall sa seachtú haois déag a óstáil. Cheannaigh Edward Cecil Guinness na painéil sin i Londain sa bhliain 1874. Tháinig siad ó bhailiúchán Bhanríon Maria Cristina na Spáinne. Sainaithníodh trí cinn de na painéil bhróidnithe a bheith ina léiriú ar Iúpatar, Véineas agus Satarn, déithe pláinéadacha. Is dóigh go bhfuil na painéil sin mar chuid de mhórthacar de sheacht bpainéal a bhaineann leis na déithe Rómhánacha. Tá painéal amháin den sórt sin, a léirítear Mearcair air, le fáil i Músaem Hermitage i gCathair Pheadair. Deirtear gur tháinig sé ón tacar céanna. Meastar an ceathrú painéal os cionn an tinteáin a bheith ina léiriú ar an Afraic agus a bheith mar chuid de thacar eile ina léirítear na hilchríocha.

An Boudoir

Bhí an príomhbhealach isteach go Teach Farmleigh suite ar an taobh thuaidh den teach ar dtús (áit a bhfuil an Leabharlann suite inniu). Is dóigh go n-úsáidtí an seomra seo mar sheomra fáiltithe ina n-itheadh aíonna dinnéar nó chuig a dtéadh siad tar éis dóibh ithe. Bogadh an bealach isteach chuig an gcuid theas den fhoirgneamh faoin mbliain 1873, nuair a cheannaigh Edward Cecil Guinness an teach. Halla isteach an tí ba ea an seomra seo faoin am sin. Rinneadh boudoir de ina dhiaidh sin. Bhainfeadh muintir Guinness úsáid as tráth níos déanaí mar sheomra fáiltithe, agus ‘boudoir’ á ghairm de go fóill. (Tríd is tríd, bhí an boudoir ina sheomra ‘príobháideach’ do bhean an tí, agus é maisithe i stíl éadrom mhaorga. Bhí an parlús mar sheomra ‘poiblí’ aici, faoi mar a bhí an seomra staidéir agus an leabharlann mar sheomra ‘príobháideach’ agus mar sheomra ‘poiblí’ faoi seach ag fear an tí.).

Tá an Boudoir ubhchruthach. Tá dhá chuasán ann, ceann amháin ar cheachtar taobh den doras chuig an Dorchla. Ba sa chuasán ar thaobh na láimhe deise den doras, mar a théitear isteach, a bhí doras jibe chuig an Seomra Darach. Tá taisceadán ann sa spás idir na seomraí anois, rud a bhfaightear rochtain air ón Seomra Darach.

Agus é i stíl Adam, téann an saothar plástair ar an tsíleáil siar go thart ar an mbliain 1790. Tá slabhraí crotail agus móitífeanna clasaiceacha ann ar mheadáillí timpeall ar an maisiú láir, ar móitíf de chineál gaothráin nó de chineál sciatháin ialtóige é. Tá an mhóitíf sin le feiceáil ar cheann na gcuasán freisin. Tá na móitífeanna neamhghnácha meadáille seo cosúil leo sin ar shíleáil i 35 Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh, rud a cuireadh síos do Francis Ryan nó Michael Stapleton agus a meastar gur tógadh sa bhliain 1783 é. Tá bail an-mhaith ar an tsíleáil. Tá cuma shoiléir uirthi, gan an iomarca péinte a bheith uirthi.

Le linn obair athchóirithe Oifig na nOibreacha Poiblí, bhíothas in ann maisiúcháin bhunaidh agus scéim dathanna bhunaidh an tí Sheoirsigh a scrúdú anseo toisc gur athraíodh airde na síleálacha i bpleananna mhuintir Guinness. Roghnaíodh fabraicí go cúramach don seomra seo chun carachtar an tseomra a léiriú.

Mír spéisiúil ar leith is ea an péire glasphlátaí greanta práis ar an doras chuig an dorchla, agus iad cosúil le roinnt de na glasphlátaí a bhí ina ngné bhunaidh de Theach Uíbh Eachach mar a bhí sa bhliain 1736! Is iad sin an t-aon sampla amháin de ghlasphlátaí den sórt sin i dTeach Farmleigh. Meastar gurbh é Fuller a chuir iad anseo, toisc gur oibrigh sé ag Teach Uíbh Eachach freisin.

 

Seomra Nobel agus an Parlús Gorm

Cé go bhfuil na seomraí idircheangailteacha seo mar chuid den teach Seoirseach, rinne Fuller agus William Young athchóiriú suntasach orthu sna 1880í agus sna 1890í faoi seach. Tá an tsíleáil aoibhinn ar chruth sásair i Seomra Nobel cosúil leo sin a chonacthas sna 1820í, agus tugann na duilleoga fíniúna, na fíonchaora agus na vásaí atá líonta le torthaí agus bláthanna ar an bplástar le fios gur féidir go n-úsáidtí an seomra seo mar sheomra bia. Gné chliste is ea an fhuinneog os comhair an tinteáin, rud a thugann radhairc ar an ngairdín ar an taobh amuigh. Ceiliúrann an seomra seo an ceathrar Éireannach a bhuaigh duais Nobel don litríocht.

Tá an Parlús Gorm ina fhorsheomra i dtreo an Bhálseomra. Cé go bhfuil a shíleáil ina cóip den cheann sin atá sa Seomra Ubhchruthach, níl sí chomh dóighiúil leis an gceann bunaidh. Rinneadh na trí áit dorais áirseacha sna seomraí seo as na fuinneoga sa seanteach nuair a chuir Young an Bálseomra leis an teach sa bhliain 1896.

An Bálseomra

Deirtear gur dea-shampla den ailtireacht shóisialta ag casadh na haoise é Bálseomra Theach Farmleigh. Níl aon amhras ann ach go mbeadh aíonna mhuintir Guinness tógtha leis an maisiú iontach i stíl Louis XVI, agus bláthfhleasca, fleasca, trófaithe ceoil, síothla, sfioncsanna, agus piléir bhalla Chorantacha ann. Tá an maisiú saibhir déanta as plástar, atá curtha ar phainéil adhmaid, agus cuireadh péint neasbhán ar an seomra ar fad, an tsíleáil san áireamh, chun go mbeadh cuma plástair air. Tá an simléar déanta as adhmad freisin. Bhí an simléar, an formhatal, an tsíleáil agus na cuirtíní dorais maorga ina gcuid den scéim chomhtháite ar dhear Young í. Is dóigh gurbh é Morrisons, cuideachta deartha intí a bhí lonnaithe i nDún Éideann, a sholáthair na cuirtíní dorais, faoi mar a rinne an chuideachta don bhálseomra ar dhear Young é ag Teach Uíbh Eachach.

Tá crann solais breá atá déanta as gloine shnoite agus as miotal óraithe agus ar a bhfuil coróinéad ó go mall sa naoú haois déag ar crochadh i lár na síleála. Ba go sonrach don Bhálseomra a ceannaíodh an crann solais, agus é ar iasacht ó mhuintir Guinness. Cé go ndeirtear go ndearnadh an t-urlár darach as bairillí as úsáid ón ngrúdlann, níor deimhníodh an scéal sin riamh!

An Grianán

Téann na doirse amach as an mBálseomra ar aghaidh chuig an nGrianán, a d’úsáidtí mar shíneadh leis an spás siamsaíochta. Tógadh an Grianán sa tréimhse 1901-2. Ba iad Mackenzie agus Moncur, Dún Éideann, a sholáthair é, tar éis do Young an chuideachta sin a mholadh. Fásadh plandaí agus bláthanna andúchasacha anseo, agus thug Oifig na nOibreacha Poiblí isteach iad an athuair. Bhí gríleanna iarainn theilgthe ann ar na píobáin uisce the a rith timpeall na himlíne, agus athchóiríodh iad sin. Ar an urlár marmair, arb é an t-urlár bunaidh é, tá tíleanna ar a bhfuil ochtagáin carreaux, patrún traidisiúnta san ochtú haois déag.

Chruthaigh an seomra seo ceann amháin de na fadhbanna caomhantais is mó d’Oifig na nOibreacha Poiblí ag Teach Farmleigh, toisc go raibh bail chontúirteach air nuair a ghlac an Stát ceannas an tí. Athghlónraíodh an seomra ar fad agus tugadh tacaí struchtúrtha nua isteach don saothar miotail ardleibhéil. A bhuí leis sin, coinníodh carachtar an Ghrianáin agus cuireadh tréimhse 100 bliain eile ar a laghad lena fhad saoil.