Edward Cecil Guinness
Ba le muintir Guinness Teach Farmleigh tráth. Ba é fear darbh ainm Edward Cecil Guinness an chéad duine de mhuintir Guinness a chónaigh anseo. Mac garpháiste le Arthur Guinness agus fear gnó den scoth ba ea é. Thosaigh sé ag obair sa ghrúdlann nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois agus bhí sé i gceannas uirthi faoin am a bhain sé aon bhliain is fiche amach. Nuair a bhí sé i gceannas, bhí Grúdlann Guinness ar an gceann is mó ar domhan.
An Teach
Cheannaigh Guinness teach Seoirseach níos lú anseo sa bhliain 1873. D’fhostaigh sé James Franklin Fuller, ailtire Éireannach, chun an teach a athfhorbairt idir na blianta 1881 agus 1884. Mhéadaigh méid an tí faoi níos mó ná a dhá oiread de bharr na hoibre sin.Taobh istigh den doras, ba é an chéad rud a chonaic aíonna ná piléir sholadacha atá déanta as marmar Chonamara agus atá leagtha ar chloch Portland. Tá an tinteán déanta as marmar Iodálach.
An Seomra Bia
Ba iad Charles Mellier agus a Chuideachta a chuir an t-adhmad sa seomra seo ar fáil. Snoite san adhmad os cionn an dorais, tá coirn na bhfuíoll atá lán le torthaí agus grán. Seasann siad don fhlúirse, don fhlaithiúlacht agus don bhéile mór a gheobhadh na haíonna.
Tógadh an seomra seo chun na taipéisí a cheannaigh Edward Cecil Guinness ar ceant i Londain a thaispeáint. Rinneadh iad de láimh san Iodáil sa seachtú haois déag agus ba le Banríon Maria Christina na Spáinne iad. Seasann an dá dhealbh do sheirbhísigh de chuid Bacchus.
An Leabharlann
Bhailigh Benjamin Guinness na leabhair uile sa bhailiúchán thuas staighre. Bhí leabhair chéad eagráin aige ó scríbhneoirí Éireannacha, lenar áiríodh James Joyce, Jonathan Swift, Sean O’Casey agus a lán scríbhneoirí eile. Tá litreacha a scríobh Roger Casement agus Daniel O’Connell ann sa bhailiúchán freisin.
An Bálseomra
Tógadh an bálseomra sa bhliain míle ocht gcéad nócha is a sé. Bhí rath agus bláth ag teacht ar an ngrúdlann agus bhí stádas sóisialta an teaghlaigh ag dul aníos. Bhí Edward ag iarraidh spás siamsaíochta a chur leis an teach chun go bhféadfadh sé siamsaíocht a chur ar fáil ó am go chéile. D’fhostaigh sé William Young, ailtire Albanach, chun bálseomra a chruthú. Tá cuma chlasaiceach ar an seomra. Tá na ballaí déanta as adhmad agus tá maisiú plástair agus dath bán orthu.
Áit Chónaithe Oifigiúil
Chónaigh muintir Guinness anseo ar feadh breis is céad bliain. Dhíol an mhuintir an teach leis an Rialtas sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a naoi (1999). Chaith an Rialtas ocht mí dhéag ag déanamh deisiú agus athfhorbairt ar an teach ansin. Rinne sé den teach an Áit Chónaithe Oifigiúil do dhaoine mór le rá agus cinn stáit agus iad ar cuairt. Úsáideann an Rialtas an teach le haghaidh comhdhálacha ardleibhéil, searmanas agus ceolchoirmeacha freisin.