Is de ghaolta i bhfad amach le muintir Guinness atá cuid mhór de na portráidí i dteach Farmleigh. Bhí aon pháiste is fiche san iomlán ag Arthur Guinness a hAon. Mhair deichniúr díobh go dtí go raibh siad ina ndaoine fásta. Mar sin, tá an chraobh ghinealaigh measartha mór. D’oibrigh a lán díobh mar bhaincéirí, mar mhinistrí agus mar sheanmóirí agus d’oibrigh na daoine is cáiliúla díobh sa ghrúdlann.
Bhí deartháir darbh ainm Samuel ag Arthur Guinness a hAon. D’oibrigh sé i mbanc. Sliocht dá chuid ba ea Lucy, an bhean atá sa phictiúr taobh amuigh den seomra staidéir. Ba é Philip de Laslow, ealaíontóir Ungárach, a phéinteáil é. Nuair a bhí sí sé bliana déag d’aois, bhuail Lucy leis an ealaíontóir ag bál culaith bhréige in Munich. Ba phéintéir faoi oiliúint é ag an am. Cé gur thit sí i ngrá leis, dhiúltaigh a teaghlach ligean di ealaíontóir faoi oiliúint a phósadh. (Cheap siad go mbeadh diúc nó iarla níos oiriúnaí di.) Bhuaigh an t-ealaíontóir duais ansin as Pápa Leo a Trí Déag a phéinteáil. D’éirigh sé ina phéintéir an-rathúil, agus pictiúir á ndéanamh aige de mhórán ball de Theaghlaigh Ríoga na hEorpa. Bronnadh teideal air freisin. Bhuail sé le Lucy sé bliana ina dhiaidh sin agus thug a teaghlach cead di é a phósadh ansin.
Is é seo ceann amháin de roinnt pictiúr a rinne an t-ealaíontóir dá bhean chéile. Seasann na héadaí breátha agus an veidhlín dá tuiscint ar an bhfaisean agus dá spéis sa cheol. Tá an pictiúr ar iasacht ó Dhánlann an Hugh Lane. Is le muintir Guinness go fóill cuid mhór de na pictiúir i Farmleigh. Nuair a thugtar pictiúir eile isteach, roghnaítear cinn a bhfuil baint acu leis an teach.
Sa phictiúr sa boudoir, tá bean darbh ainm Mary Guinness. Bhí sí pósta le Noel Guinness. Ba bhaincéir é a bhí gaolta i bhfad amach leis na daoine de mhuintir Guinness a chónaigh anseo.
Phéinteáil Walter Osborne an pictiúr, ar bronnadh duais air i bPáras sa bhliain míle naoi gcéad. Coinníodh gnóthach é ar feadh tamaill ina dhiaidh sin mar gheall ar an éileamh a bhí ann ar phictiúir de mháithreacha agus dá n-iníonacha le chéile. Cheap sé cleas ina stiúideo. Ba ghnách leis bróga na bpáistí a thairneáil leis an talamh chun go mbeadh a fhios acu cén staidiúir ba cheart dóibh a chur orthu nuair a thiocfadh siad ar ais os comhair an ealaíontóra. Bhí sé doiligh do na páistí an staidiúir a choinneáil. Anseo, feicfidh sibh an mháthair agus an iníon ag léamh lena chéile chun an t-am a chaitheamh. Bhí Margaret, an cailín sa phictiúr, trí bliana d’aois agus ní raibh sí in ann léamh ag an am. Dá ainneoin sin, léití an scéal di chomh minic sin go raibh sí in ann aithris a dhéanamh air.
Sceitsí garbha atá sa dá phictiúr eile sa seomra. Léiríodh don suiteoir iad chun an comhdhéanamh a phlé sula gcuirfí bailchríoch ar an bportráid deiridh. Níl aon chosa ag an mbean sa phictiúr beag. D’iarr sí ar an ealaíontóir a cosa a tharraingt chun go bhfadófaí an cruth a bhí uirthi – agus é mar aidhm aici a gúna a thabhairt chun suntais.
Tá an gúna le feiceáil anseo freisin. Is gúna síoda agus lása é. Caitheadh istigh é. De bharr an triopaill fhada, ní rabhthas in ann é a chaitheamh le linn gníomhaíochtaí amuigh faoin spéir.
Bhí bailiúchán mór ealaíne agus seandachtaí ó thíortha eile ag Edward Cecil Guinness. Léirigh sé nárbh fhear gnó “amháin” a bhí ann agus go raibh a shaol féin gach pioc chomh maith le saol na huasaicme, go deimhin, is dóigh go raibh a shaol níos fearr fós.
Ba é William Orpen a phéinteáil portráid Edward Cecil Guinness. Bhí fadhb bheag ann tar éis í a chur i gcrích den chéad uair mar go raibh an ceann beagáinín rómhór don chorp. Tar éis d’aíonna an difríocht sa choibhneas a lua, d’iarr Edward ar an ealaíontóir an phortráid a dheisiú.
Ba mhór an buille d’fhéinmhuinín an ealaíontóra é sin. Dá ainneoin sin, mhionathraigh sé an pictiúr. Mhéadaigh sé méid an choirp in ionad an aghaidh a athrú. Luaigh sé roimhe sin i litir chuig a bhean chéile go raibh sé an-sásta lena chosúla a bhí an aghaidh. Bhain an t-ealaíontóir an-tairbhe as obair le Edward ar an íomhá a mhionathrú. Cheannaigh Edward roinnt pictiúr agus líníochtaí eile ón ealaíontóir. Ba é an uair a chuaigh Orpen chun an pictiúr a tharraingt an chéad uair riamh a thaistil sé i gcarr.
Ba é Orpen a phéinteáil an dá phictiúr eile sa seomra gorm. Sa chéad cheann díobh, a bhfuil “Waiting their Cue” mar ainm air, léirítear Orpen agus a bhean chéile agus iad ar ardán. Tá siad ag ligean orthu féin gur aisteoirí iad atá ag fanacht le hardú chuirtín an ardáin.
Lottie Stafford an t-ainm a bhí ar an mbean sa dara pictiúr. Bean aimsire a bhí inti. Chónaigh sí sna slumaí in Chelsea, áit a raibh stiúideo ealaíne ag Orpen. Ó am go chéile, théadh sí isteach ann chun a éadaí a ní. Rinne sí botún millteanach lá amháin. Bhí Orpen measartha gnóthach an lá sin. Tar éis dó a pháipéar ar fad a chaitheamh, lean sé le péinteáil agus le sceitseáil ar phíosaí ábhair a bhí scaipthe timpeall a stiúideo, amhail éadach boird agus léine, i measc nithe eile. Tháinig Lottie isteach chun an níochán a dhéanamh agus nigh sí na líníochtaí ón ábhar. Bhí achrann ann. Dá ainneoin sin, d’éirigh léi é a shocrú síos agus, tar éis di aird an ealaíontóra a tharraingt, thosaigh sí ag cur staidiúir uirthi féin dá phictiúir. Is é “The Idle Girl” an t-ainm atá ar an bpictiúr seo. Chomh maith leis sin, tá pictiúr di ar taispeáint sa Ghailearaí Náisiúnta. Is é “The Wash House” an t-ainm atá ar an bpictiúr sin.
Taispeántar Ardeaglais Naomh Pádraig sa phictiúr sa leabharlann. Tugadh cuireadh do mhuintir Guinness freastal ar ócáid ann sa bhliain míle ocht gcéad seasca is a hocht. Tháinig Prionsa na Breataine Bige go Baile Átha Cliath chun go ndéanfaí ridire d’Ord Naomh Pádraig de. Tugadh cuireadh do Thiarnaí, Iarlaí, breithiúna, agus daoine a bhí tábhachtach sa chathair ag an am freastal ar an ócáid mar aíonna. Tugadh cuireadh do mhuintir Guinness freisin. Cuireadh suntasach don teaghlach a bhí ann. Léirigh sé nach rabhthas ag breathnú ar an teaghlach a thuilleadh mar “ghrúdairí” nó mar “fhir ghnó” amháin. Ina ionad sin, léirigh sé go rabhthas ag glacadh leo mar dhaoine tábhachtacha sa tsochaí.
Tugadh cuireadh do Michelangelo Hayes, ealaíontóir arbh as Port Láirge dó, pictiúr a phéinteáil den ócáid. Tá eochair ann in aice leis. Tá ainm agus uimhir ag gabháil le gach duine chun a thaispeáint cé a bhí i láthair. Tá Edward ann le Arthur, deartháir leis, agus le Benjamin Lee Guinness, a athair.
Bhí tionchar ollmhór ag na fir sin ar an gcuid seo den chathair. Cheannaigh Arthur Faiche Stiabhna agus rinne sé páirc phoiblí di. D’íoc Benjamin Lee as oll-athchóiriú a rinneadh ar Ardeaglais Naomh Pádraig agus ar Leabharlann Marsh. Chuir Edward Iontaobhas Uíbh Eachach ar bun chun deireadh a chur leis na slumaí ionchathrach agus chun tithe a chur ina n-áit do na hoibrithe sa chathair, agus ní do na hoibrithe sa ghrúdlann amháin.