Gailearaí Farmleigh
Ba é a bhí in oscailt Ghailearaí Farmleigh i mí Mheán Fómhair 2005 ná céim shuntasach i bhforbairt shaoráidí Eastát Farmleigh agus sa mhéid a chuireann sé le saol cultúrtha Bhaile Átha Cliath agus le saol cultúrtha na hÉireann ina hiomláine. Toisc an Gailearaí a bheith ann, forlíontar an bailiúchán mór ealaíne i dTeach Farmleigh é féin, rud a chuimsíonn Bailiúchán Ealaíne Rialtais Oifig na hOibreacha Poiblí, saothair ealaíne mhuintir Guinness agus iasachtaí ó fhorais ealaíne eile, lena n-áirítear Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. Cé gur bhóithigh an Eastáit a bhí ann tráth, bhunathraigh Gerry Cahill Architects agus Oifig na nOibreacha Poiblí foirgneamh an Ghailearaí chun feabhais chun spás taispeántais a chruthú a chomhlíonfadh caighdeáin idirnáisiúnta choimeádaíochta agus chaomhantais. Dá bhrí sin, osclaíodh clár an Ghailearaí suas chun taispeántais shuntasacha a mhealladh. Dá bharr sin, tá sé ar cheann de na spásanna taispeántais is iomráití in Éirinn anois.
Oibríonn Gailearaí Farmleigh i ndlúthchomhar le comhlachtaí cultúir agus ealaíne sa tír seo agus i dtíortha eile, amhail an Chomhairle Ealaíon, Cultúr Éireann, Comhairle Cheardaíochta na hÉireann, Ceirmeacht Éireann, an Chomhairle Bhriotanach agus ambasáidí éagsúla, chun go mbeifear in ann saothair a mbaineann tábhacht ealaíne, cultúir agus staire leo a chur ar taispeáint. Cuireadh a lán taispeántas i láthair sa Ghailearaí go dtí seo. Ceann amháin de na buaicphointí ina leith sin ba ea Venice At Farmleigh, inar léiríodh an saothar le Gerard Byrne, ealaíontóir Éireannach, agus le Willie Doherty, a ainmníodh do dhuais Turner agus a rinne ionadaíocht do Thuaisceart Éireann ag Taispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise sa bhliain 2007.
A bhuí leis an ról atá ag Eastát Farmleigh maidir le teach cónaithe a sholáthar do Chinn Stáit ar cuairt, tugtar deis dúinn gné idirnáisiúnta agus phoiblí a chur leis na taispeántais ag an nGailearaí. I measc na dtaispeántas a reáchtáladh san am atá thart tá Treasures of Medieval Bulgaria (2005), Korean Art: Tradition, Modernity and Identity (2008) agus Kaleidoscope: Contemporary Art from EU Member States, inar ceiliúradh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2013.
Le linn taispeántas, bíonn Gailearaí Farmleigh ar oscailt ó 10am go 5pm an Mháirt go dtí an Domhnach (agus ar an Luan, i gcás Laethanta Saoire Bainc). Bíonn an Gailearaí dúnta don lón ó 1pm go 2pm.
Tá sé saor in aisce dul isteach i nGailearaí Farmleigh. Caith súil ar an bhféilire imeachtaí anseo.